search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: cercato: '   maidir' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index    maidir:


whereas    maidir:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 552

 

Airteagal 2

Raon feidhme ábhartha

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

(a)

má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;

(b)

má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V CAE;

(c)

má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin;

(d)

má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.

3.   maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin, déanfar iad a chur in oiriúint do phrionsabail agus do rialacha an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 98.

4.   Is gan dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE, go háirithe maidir leis na rialacha dliteanais a bhaineann le soláthraithe idirmheánacha seirbhíse in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin.

Airteagal 5

Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta

1.   maidir le sonraí pearsanta:

(a)

déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhair sonraí (“dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht”);

(b)

déanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin; tuilleadh próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun críocha staidrimh, ní mheasfar, i gcomhréir le hAirteagal 89(1), go bhfuil sí ar neamhréir leis na críocha tosaigh (“teorannú de réir cuspóra”);

(c)

beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (“íoslaghdú sonraí”);

(d)

beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad; déanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil (“cruinneas”);

(e)

déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach; féadfar sonraí pearsanta a stóráil le haghaidh tréimhsí níos faide a mhéid nach ndéanfar na sonraí sin a phróiseáil ach amháin chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1) faoi réir chur chun feidhme na mbeart iomchuí teicniúil agus eagraíochtúil a cheanglaítear leis an Rialachán seo d'fhonn cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú (“teorannú stórála”);

(f)

déanfar iad a phróiseáil ar chaoi go n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla (“sláine agus rúndacht”);

2.   Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (“cuntasacht”).

Airteagal 26

Rialaitheoirí comhpháirteacha

1.   I gcás ina gcinneann dhá rialaitheoir nó níos mó go comhpháirteach críocha agus bealaí na próiseála, beidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha. Cinnfidh siad, ar bhealach trédhearcach, na freagrachtaí a bheidh orthu faoi seach maidir leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí agus na dualgais a bheidh orthu faoi seach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 a chur ar fáil, trí chomhshocrú eatarthu, murar rud é gur le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a chinntear na freagrachtaí atá ar na rialaitheoirí faoi seach, nó a mhéid ar leis na dlíthe sin a chinntear na freagrachtaí atá orthu, agus ar faoina réir atá na rialaitheoirí. Faoin gcomhshocrú, féadfar pointe teagmhála a ainmniú do na hábhair sonraí.

2.   maidir leis an gcomhshocrú dá dtagraítear i mír 1, leireofar ann róil agus gaoil faoi seach na rialaitheoirí comhpháirteacha i leith na n-ábhar sonraí. Cuirfear buneolas maidir leis an gcomhshocrú sin ar fáil don ábhar sonraí.

3.   Beag beann ar théarmaí an chomhshocraithe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo i ndáil le gach rialaitheoir ar leithligh agus i gcoinne gach rialaitheora.

Airteagal 35

Measúnú tionchair ar chosaint sonraí

1.   I gcás inar dóchúil go dtarlódh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha de bharr chineál na próiseála, go háirithe próiseáil ina n-úsáidfí nuatheicneolaíochtaí, déanfaidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an phróiseáil, measúnú ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála a bheartaítear a dheanamh ar chosaint na sonraí pearsanta, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh. Le measúnú aonair, féadfar tabhairt faoi shraith d'oibríochtaí próiseála comhchosúla a bhfuil ardrioscaí comhchosúla ag baint leo.

2.   Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an oifigeach cosanta sonraí, má tá ceann ceaptha, agus measúnú tionchair ar chosaint sonraí á dhéanamh.

3.   An measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá dtagraítear i mír 1, beidh gá leis go háirithe i gcásanna:

(a)

meastóireacht chórasach, chuimsitheach a bheith á déanamh ar na gnéithe pearsanta a bhaineann le daoine nádúrtha, ar measúnú é atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe lena n-áirítear próifíliú, agus a mbeidh cinntí á mbunú air a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla acu do dhuine nádúrtha nó a mbeidh éifeachtaí suntasacha comhchosúla acu ar an duine nádúrtha;

(b)

próiseáil mhórscála ar chatagóirí speisialta de shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1), nó ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10; nó

(c)

faireachán córasach mórscála ar limistéir atá inrochtana don phobal.

4.   Bunóidh an t-údarás maoirseachta liosta de na cineálacha oibríochtaí próiseála atá faoi réir an cheanglais maidir le measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh de bhun mhír 1 agus cuirfidh sé an liosta sin ar fáil don phobal. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta na liostaí sin chuig an mBord dá dtagraítear in Airteagal 68.

5.   Féadfaidh an t-údarás maoirseachta liosta a leagan amach agus a chur ar fáil go poiblí de na cineálacha oibríochtaí próiseála nach gá measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh ina leith. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta na liostaí sin chuig an mBord.

6.   Sula nglacfar na liostaí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63 i bhfeidhm i gcás ina bhfuil baint ag an liosta le gníomhaíochtaí próiseála a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil d'ábhair sonraí, nó a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar iompar na ndaoine sin i mBallstáit éagsúla, nó i gcás ina bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí próiseála a d'fhéadfadh cur isteach ar shaorghluaiseacht sonraí pearsanta san Aontas.

7.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa mheasúnú:

(a)

tuairisc chórasach ar na hoibríochtaí próiseála atá beartaithe agus críocha na próiseála agus, más infheidhme, na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir;

(b)

measúnú ar riachtanas agus comhréireacht na n-oibríochtaí próiseála i gcomhréir leis na críocha;

(c)

measúnú ar na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí dá dtagraítear i mír 1; agus

(d)

na bearta a cheaptar a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí, lena n-áirítear coimircí, bearta slándála agus sásraí chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú agus chun a thaispeáint go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh, cearta agus leasanna dlisteanacha ábhar sonraí agus daoine eile lena mbaineann á gcur san áireamh.

8.   maidir leis na rialaitheoirí agus na próiseálaithe ábhartha a bheith ag comhlíonadh na gcód iompair formheasta dá dtagraítear in Airteagal 40, cuirfear é sin san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála a dhéanann na rialaitheoirí nó na próiseálaithe sin, go háirithe chun críocha measúnú tionchair ar chosaint sonraí.

9.   I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an rialaitheoir ar ábhair sonraí nó ar a n-ionadaithe a dtuairimí a thabhairt maidir leis an bpróiseáil atá beartaithe, gan dochar do chosaint leasanna tráchtála nó poiblí ná do shlándáil oibríochtaí próiseála.

10.   I gcás ina bhfuil bunús dlí ag an bpróiseáil de bhun phointe (c) nó (e) d'Airteagal 6(1) i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit ar faoina réir atá an rialaitheoir, agus go rialaíonn an dlí sin an oibríocht próiseála shonrach nó an sraith d'oibríochtaí atá i gceist, agus ina bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí déanta cheana mar chuid de mheasúnú ginearálta tionchair i gcomhthéacs ghlacadh an bhunúis dlí sin, ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 7, mura measann na Ballstáit go bhfuil sé riachtanach measúnú den sórt sin a dhéanamh sula rachfar i mbun na ngníomhaíochtaí próiseála.

11.   I gcás inar gá, déanfaidh an rialaitheoir athbhreithniú chun a mheas an bhfuil an phróiseáil á déanamh i gcomhréir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí, ar a laghad nuair a bhíonn athrú sa riosca a bhaineann le hoibríochtaí próiseála.

Airteagal 42

Deimhniú

1.   Tabharfaidh na Ballstáit, na húdaráis mhaoirseachta, an Bord agus an Coimisiún spreagadh, go háirithe ar leibhéal an Aontais, chun sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a bhunú, ionas go bhféadfar a thaispeáint go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibríochtaí próiseála a dhéanann rialaitheoirí agus próiseálaithe. Cuirfear na riachtanais shonracha a bheidh ag micrifhiontar agus ag fiontair bheaga agus meánmhéide san áireamh.

2.   De bhreis ar rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir an Rialachain seo do chloí le sásraí deimhniúcháin um chosaint soraí, séalaí nó marcanna cosanta sonraí arna bhformheas de bhun mhír 5 den Airteagal seo, féadfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo de bhun Airteagal 3 faoi chuimsiú aistrithe sonraí pearsanta go tríú tíortha agus go heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na téarmaí dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 46(2) iad a bhunú chun a thaispeáint go bhfuil coimircí iomchuí arna soláthar acu. Déanfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe den sórt sin gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe, trí ionstraimí conarthacha nó trí ionstraimí eile atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, chun na coimircí iomchuí sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndáil le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí.

3.   Is deimhniú deonach a bheidh i gceist agus beidh sé ar fáil trí phróiseas atá trédhearcach.

4.   Le deimhniú de bhun an Airteagail seo, ní laghdaítear an fhreagracht atá ar an rialaitheoir ná ar an bpróiseálaí an Rialachán seo a chomhlíonadh agus is gan dochar é do chúraimí agus do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó 56.

5.   maidir le deimhniú de bhun an Airteagail seo, is iad na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43 a eiseoidh é, nó is é an t-údarás maoirseachta a eiseoidh é, ar bhonn na gcritéar arna bhformheas ag an údarás inniúil maoirseachta sin de bhun Airteagal 58(3) nó ag an mBord de bhun Airteagal 63. I gcás ina bhformheasann an Bord na critéir, féadfaidh sé go dtiocfaidh comhdheimhniú, an Séala Eorpach Cosanta Sonraí, mar thoradh air sin.

6.   An rialaitheoir nó an próiseálaí a chuireann an phróiseáil a dhéanann sé faoi bhráid an tsásra deimhniúcháin, cuirfidh sé an fhaisnéis go léir is gá maidir lena ghníomhaíochtaí próiseála ar fáil don chomhlacht deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43, nó nuair is infheidhme, don údarás inniúil maoirseachta agus tabharfaidh sé gach rochtain dóibh ar a ghníomhaíochtaí próiseála d'fhonn dul i mbun an nós imeachta deimhniúcháin.

7.   Eiseofar deimhniú don rialaitheoir nó do phróiseálaí ar feadh uastréimhse trí bliana agus féadfar é a athnuachan, faoi na coinníollacha céanna, fad a leanfar de na ceanglais ábhartha a chomhlíonadh. I gcás inarb infheidhme, tarraingeoidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43 deimhniú siar, nó tarraingeoidh an t-údarás inniúil maoirseachta siar é i gcás nach bhfuil na ceanglais le haghaidh deimhniúcháin á gcomhlíonadh nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh.

8.   Déanfaidh an Bord na sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí ar fad agus na séalaí agus marcanna cosanta sonraí ar fad a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí aon bhealach iomchuí.

Airteagal 91

Rialacha cosanta sonraí atá ag eaglaisí agus comhlachais reiligiúnacha cheana

1.   I gcás ina gcuireann eaglaisí agus comhlachais nó pobail reiligiúnacha rialacha cuimsitheacha i bhfeidhm i mBallstát, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar rialacha iad a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil, féadfaidh na rialacha sin leanúint d'fheidhm a bheith acu, ar choinníoll go ndéanfar iad a thabhairt i gcomhréir leis an Rialacháin seo.

2.   maidir le heaglaisí agus comhlachais reiligiúnacha a chuireann rialacha cuimsitheacha i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, beidh siad faoi réir maoirseacht ag údarás maoirseachta neamhspleách a fhéadfadh a bheith sonrach, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil VI den Rialachán seo.

CAIBIDIL X

Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme


whereas

dal 2004 diritto e informatica